Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

(L-R) European Council President Charles Michel, European Commission President Ursula von der Leyen and European Parliament President Roberta Metsola. Alamy
EU Explainer

Is rud casta é an tAontas Eorpach - seo é an chaoi a n-oibríonn a gcuid codanna ar fad lena chéile

Seo é gach ní a gcaithfear a bheith ar an eolas faoi maidir le cad iad príomhinstitiúidí pholaitiúla an Aontais Eorpiagh agus cén chaoi a n-oibríonn siad.
  • This article has been translated in Irish but if you’d like to read the English version you can do so here.

AGUS AON RUD á léamh faoin Aontas Eorpach (an tAontas), ní fada go dtosófar ag cur ceisteanna ina leith.

Cad é go díreach an difear idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle? Cén ceann ag a bhfuil an cumhacht is mó? Cé chomh daonlathach atá siad? Agus cén chaoi, i ndáiríre, a n-oibríonn siad?

Léirítear go minic iad i gceannlínte mar fhorais faire agus mar fheidhmitheoirí; an tseachtain seo caite, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil ollmhór €1.8 billiún ar Apple as dlí an Aontais a bhriseadh maidir le sruthú ceoil.

Ach ní bhíonn sé go hiomlán soiléir cad é a bhíonn ar siúl ag na hinstitiúidí seo an t-am ar fad – rud a mbaineann tábhacht ar leith leis faoi láthair nuair a smaoinítear ar shíorathrú a gcuid ról agus an tAontas ag dul i ngleic leis na hathruithe polaitiúla is mó, b’fhéidir, go dtí seo, amhail méadú agus cosaint, ó bunaíodh é i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Mar sin, faoi dheireadh is faoi dheoidh, seo é gach ní a gcaithfear a bheith ar an eolas faoi maidir le cad iad príomhinstitiúidí pholaitiúla an Aontais Eorpiagh agus cén chaoi a n-oibríonn siad.

An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

img2.thejournal Tá an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh lonnaithe i bhfoirgneamh Lipsius sa Bhruiséil, an Bheilg (sa phictiúr). Alamy Alamy

Is institiúidí ar leith iad an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, atá lonnaithe san fhoirgneamh céanna sa Bhruiséil, an Bheilg, rud atá ina ábhar mearbhaill.

Mar sin, cad atá iontu? Go simplí, is an Chomhairle Eorpach a shocraíonn an clár oibre san Aontas Eorpach. Is é sin an chéad chéim ar an dréimire fada arb ionann é agus an tAontas é féin.

Ceannairí de na 27 ballstát atá sa ghrúpa – agus is é sin, iarthaoiseach Leo Varadkar, Príomh Aire na hUngáire Viktor Órban, Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz agus mar sin de, chomh maith le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, atá mar pholaiteoir leasaitheach na Beilge Charles Michel.

img2.thejournal Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ag magadh leis iarthaoiseach Leo Varadkar ag cruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Alamy Alamy

Buaileann an grúpa le chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana sa Bhruiséil chun treoir agus clár oibre an Aontais a leagan amach.

Léirítear i dtuariscí nuachta Varadkar agus ceannairí Eorpacha eile ag labhairt le tuairsiceoirí agus iad ag dul isteach sna cruinnithe sin chun cúrsaí is déanaí an lae a phlé.

Is gnách a ndéanann an Chomhairle Eorpach cinntí de réir comhaontaithe, rud a fhágann nach gcuireann aon duine de na ceannairí in éadain ghlacadh an bheartais nó an chinnidh maidir leis an gclár oibre.

I gcásanna sonracha ar leith, nuair nach mór don Chomairle cinneadh a dhéanamh faoi ghlacadh na ngníomhartha dlíthiúla, déanann an Chomhairle Eorpach cinneadh trí phróiseas vótála, rud a gcuireann an tUachtarán tús leis, de ghnáth.

Déantar é seo ar cheann de na trí bhealach seo a leanas:

● Aontoilíocht: I gcás nach gcuireann aon stát in éadain an ghlacaidh
● Tromlach cáilithe: I gcás ina n-aontaíonn 55%, nó 15 stát, leis an nglacadh
● Tromlach simplí: I gcás ina n-aontaíonn 50%, nó 14 stát, leis an nglacadh

Vótálfaidh an Chomhairle Eorpach trí phróiseas tromlaigh cáilithe agus an liosta á bunú do Chomhairle an Aontais nó nuair atá Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) nua nó Comisinéir nua á moladh agus vótálfaidh siad trí phróiseas tromlaigh simplí chun cinntí nós imeachta a ghlacadh le linn a cuid cruinnithe féin.

Is féidir leis sin a bheith ina údar achrainn nó easpa aontachta idir bhallstáit nuair a bhíonn tuairimí éagsúla ag rialtais éagsúla.

Bhí sampla ann le déanaí ina léiríodh an méid sin nuair a dhiúltaigh Viktor Órban, de chuid na hUngáire, pacáiste cúnaimh arb ionann é agus €50 billiún ar son na hÚcráine, moladh ar cháin ceannairí eile. Is féidir an chúis ina leith sin a fháil anseo.

Tá Comhairle an Aontais ar an taobh eile den dréimire. Cuimsítear leis an gComhairle na hairí eile ó gach stát (e.g. Airí Airgeadais, Airí Gnóthaí Eachtracha, etc) airí, in éineacht leis an bParlaimint, a mbíonn ag díospóireacht, ag déanamh cinntí agus ag plé i ndáil le cinntí reachtaíochta.

Is gá don ghrúpa bualadh le chéile roinnt uaireanta in aghaidh na míosa, ach ní bhíonn an grúpa céanna de dhaoine ann i gcónaí.

Leagfaidh an liosta thuasluaite, arna leagadh amach ag an gComhairle Eorpach, amach cé hiad na hairí a bhualfidh le chéile, cad iad na beartais a phléifear agus cathain a bheidh an cruinniú.

Rialacháin nua maidir le beartas an Aontais ar son na haeráide? Seolfaidh Éire An tAire Comhshaoil dá cuid.

Treoir nua maidir le beartais airgeadais? Tá An tAire Airgeadais ar an mbealach. Tarlaíonn roinnt de na cruinnithe seo le linn na gcruinnithe mullaigh, áit a mbuaileann na hairí go pearsanta sa Bhruiséil, agus reáchtáiltear an chuid eile go fíorúil.

img2.thejournal An tAire Eamon Ryan ag labhairt leis na meáin le linn cruinnithe d’airí an Aontais maidir le fuinneamh i mí Mheán Fómhair 2022 ag Comhairle na nAirí. Alamy Alamy

Is ar an gcúis sin a thugtar Comhairle na nAirí ar Chomhairle an Aontais de ghnáth – ar mhaithe le haon éiginnteachta a sheachaint, is dócha.

Déanann rialtas Ballstáit éagsúla cathaoirleacht ar an ngrúpa gach sé mhí. Faoi láthair, is ag an mBeilg a bhfuil Uachtaránacht Chomhairle na nAirí.

Is gá don Uachtaránacht a chinntiú go bhfuil athruithe á gcur i gcrích, na hathruithe
ábhartha uile nach mór a dhéanamh i mBallstáit mar thoradh ar na cinntí a dhéantar.

Is é an uair dheireanach a bhí uachtaránacht ag Éirinn ná in 2013 agus is ansin ar tugadh cainteanna i láthair chun socruithe trádála an Aontais a bhunú leis na Stáit Aontaithe, ar cuireadh an buiséad Eorpach roimhe sin i gcrích agus ar cuireadh brú i dtreo cúnaimh forbartha a sheoladh chuig Mali, i measc nithe eile.

An Coimisiún Eorpach

Agus sinn ag gluaiseacht síos céim amháin dár ndréimire samhailteach de chuid an Aontais, buailimid leis an gCoimisiún Eorpach. Dréachtaíonn an Coimisiún dlíthe, treoracha agus rialacháin a bhaineann leis an gclár oibre arna leagan amach ag ceannairí na mBallstát.

Tá 27 Coimisinéir sa Choimisiún, – ar a bhfeictear air mar sheomra Airí don Aontas – lena n-áirítear coimisinéir amháin as gach Ballstát, chomh maith le hUachtarán.

Déanann Uachtarán an Choimisiúin, polaiteoir na Gearmáine Ursula von der Leyen, i
láthair na huaire, cathaoirleacht ar an ngrúpa agus tá sé mar chúram uirthi a chinntiú go mbaineann na coimisinéirí uile a gcuid spriocdhátaí amach maidir lena mbealaí reachtaíochta faoi seach.

img2.thejournal Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen ag labhairt le linn preasócáide sa Bhruiséil i mí Meithimh seo caite. Alamy Alamy

Ainmníonn an Chomhairle Eorpach iarrthóirí don Uachtarán agus vótálann an Pharlaimint ar son an iarrthóra ar ceart a bheith ina (h)Uachtarán as iad siúd atá
ainmnithe gach cúig bliana. Muna dtagann an Pharlaimint ar thromlach, beidh mí ansin ag an gComhairle iarrthóir nua a mholadh.

Tar éis don Uachtarán tofa a ainmniú, ainmneofar ansin na Coimisinéirí ar an gCoimisiún Eorpach. Is ar chomhaontú idir Comhairle na nAirí agus Uachtarán tofa an Choimisiúin a dhéantar an méid seo.

Is féidir féachaint ar an ngrúpa mar chomh-aireacht airí don Aontas, de réir mar a thugann na polaiteoirí is sinsearaí sa bhloc, de ghnáth, beartais i láthair agus de réir mar a mholtar iad.

Tugtar “Coláiste na gCoimisinéirí” ar an ngrúpa sin, mar chomharghrúpa. Is minic a
ainmníonn Éire TD nó FPE, a bhfuil seantaithí acu sna réimse sin, don ról, rud ar féidir leo freastail air sula dtéann siad ar scor – smaoinigh ar Phil Hogan nó Charlie McCreevy.

img2.thejournal Iar-Choimisinéir trádála Phil Hogan (ar clé) ag labhairt le Ursula von der Leyen i mí Eanáir 2020. Alamy Alamy

D’fhéadfadh an Coimisiún a bheith mar údar achrainn leis an bpobal, toisc gur dréachtaíodh dlíthe, a chuirfear i bhfeidhm sna Ballstáit níos déanaí, ag an t-aon grúpa polaiteoirí nach bhfuil tofa san Aontas.

Chomh luath agus a sheolfar an dréacht chuig an bParlaimint, áfach, is féidir leis an ngrúpa FPEnna é a sheoladh ar ais chuig an gCoimisiún leis an méid leasuithe a mheasfaidh siad a bheith raichtanach.

Baineadh curriarracht amach leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, a ceadaíodh le déanaí, rud a fhéachann chun ábhar a ghinntear le hIntleacht Shaorga agus úsáid na teicneolaíochta a rialú, maidir leis an méid leasuithe is mó a bheith ann agus é á sheoladh chuig an gCoimisiún i leith píosa reachtaíochta amháin an bhliain seo caite.

Nuair a thugann an Coimisiún an dréacht ar ais chuig na FPEnna ar bhealach a shásaíonn an tromlach, vótálann baill tofa an Aontais maidir le glacadh nó diúltú an dlí. Cuireann an cúlstop seo stop le aon iarracht ag coimisinéir aonair aon dlíthe a chur isteach dá stuaim féin.

Parlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa an dara pharlaimint is mó ar domhan agus tá 705 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ann as 27 Ballstát.

Méadófar líon na suíochán sa chéad toghchán eile i mí Meithimh go 720 suíochán. Dáiltear sé shuíochán ar a laghad ar gach tír sa Pharlaimint.

Roinntear an chuid eile idir bhallstáit bunaithe ar chéatadán de phobal an Aontais a chónaíonn sa tír.

Tá 13 FPEnna ag Éirinn faoi láthair agus déanann siad ionadaíocht do thrí thoghcheantar na hEorpa agus gheobhaidh siad suíochán breise do na toghcháin i mí Meithimh, rud a fhágann gurb ionann 14 agus líon FPEnna na hÉireann.

img2.thejournal Méadóidh líon na FPEnna go 720 an bhliain seo chugainn. Sa ghrianghraf: Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil. Alamy Alamy

Nuair a thoghtar iad, téann FPEnna i gceann de na seacht ngrúpa parlaiminte lena léirítear luachanna a bpáirtí baile agus lena gcuimsítear polaiteoirí a bhfuil an dearcadh céanna acu.

Is comhalta bunaidh é Fine Gael de Pháirtí an Phobail Eorpaigh, grúpa coimeádach atá ar dheis ón lár. Tá Fianna Fáil ailínite faoi láthair agus is ball é den Ghrúpa Renew (tugtar an t-ainm ALDE orthu freisin go minic) ar grúpa liobrálach agus ar son na hEorpa é.

Tá Sinn Féin agus FPE neamhspleácha na hÉireann ailínithe le ‘Grúpa na Clé i bParlaimint na hEorpa’, grúpa sóisialacha ar chlaonadh clé. Is baill é an Comhaontú
Glas de Ghrúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí, páirtí glas agus
réigiúnaíoch.

Vótálann an Pharlaimint freisin ar son an chéad Uachtarán eile do Choimisiún na hEorpa agus rachaidh siad i gcomhrialtas le chéile bunaithe ar na grúpaí parlaiminte a vótáil den chuid is mó ar son an iarrthóra chéanna.

Féachann FPEnna go n-ainmneoidh a ngrúpaí parlaiminte faoi seach iad chun ceann de choistí na Parlaiminte a shuí, áit a dtarlaíonn leasuithe molta, díospóireachtaí agus ina ndéantar rialacha agus reachtaíocht an dréachta a scrúdú.

Ainmneoidh cathaoirligh an choiste ‘rapórtéirí’ nach mór dóibh ansin a bheith i gceannas ar idirbheartaíochtaí leasaithe. Ainmnítear ‘scáthrapóirtéirí’ chun a bheith ina bhfreasúra.

img2.thejournal Seomra choiste Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg. Parlaimint na hEorpa Parlaimint na hEorpa

Nuair a chomhaontaítear ar na leasuithe agus nuair a chomhaontaíonn an coiste chun tacú leo, tógann na rapóirtéirí reachtaíochta an dréachtreachtaíocht chuig an bparlaimint don chéad uair.

Tá dhá saghas bille ar féidir a thabhairt chun cinn don Pharlaimint: treoir nó rialachán.

Tá treoracha ina dtreoracha do Bhallstáit a leagan spriocanna amach do thíortha nach mór a chur i gcrích faoi spriocdháta a tugadh.

Threoraigh treoir nua, a fhéachann chun níos mó cosanta a chur ar fáil d’iriseoirí agus do chearta daonna i gcoinne cásanna dlíthiúla gan bhunús, Éire, le déanaí, chun dlíthe nua a thabhairt isteach lena ngabhann roinnt riachtanais, lena n-áirítear an ceart do chosantóir iarraidh ar dhíbhe luath.

Bíonn rialacháin i bhfad níos déine agus, nuair a chomhaontaítear iad, is minic a bhíonn siad inchurtha i bhfeidhm láithreach bonn agus d’fhéadfadh fíneálacha móra a ghabháil leo mura leantar iad. Is iad an Coimisiún agus an Coimisinéir ábhartha a ghearrann na fíneálacha seo de ghnáth.

An tseachtain seo caite, thug an Coimisinéir um Iomaíocht Margrethe Vestagerover fíneáil €1.8 billiún do Apple, mar gheall ar rialacha “maslacha” App Store, mar a thug an tAontas air, d’fhorbróirí aipeanna sruthaithe ceoil.

Chun díospóireachtaí ar feadh míonna ar na billí sin a sheachaint, reáchtálann an Pharlaimint agus Comhairle na nAirí díospóireachtaí an-fhada, ar a dtugtar ‘Cruinnithe Tríthabhaocha’, agus ní fhágfaidh siad an idirbheartaíocht go dtí go dtiocfaidh siad ar chomhaontú. Ach labhrófar níos mó maidir leis sin am éigin eile.

Nuair a chomhaontaíonn an dá institiúid ar na dlíthe ag an gcruinniú tríthaobhach agus nuair a cheadaíonn FPEnna agus Airí iad de réir vóta, téann an Chomhairle Eorpach i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil bearta á ndéanamh ag a Ballstáit chun na dlíthe a chur chun feidhme.

Má bhraitheann institiúidí an Aontais go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis na rialacha nua a chur i bhfeidhm nó go bhfuil moill á cur ina leith, féadfaidh siad freisin dul i dtreo fíneáil a ghearradh ar an Stát trí an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach.

Ag deireadh na míosa seo caite, dúirt rialú go ngearrfar fíneáil €10,000 ar Éirinn gach lá mar gheall ar mhoill maidir lena rialacha sábháilteachta ar líne a athrú. Thug an Coimisiún, a bhaileoidh an fhíneáil, rabhadh don Rialtas faoi na moilleanna seo níos luaithe an mhí seo caite.

Faigheann an obair seo cómhaoiniú ó Journal Media agus clár deontais ó Pharlaimint na hEorpa. Is le húdar an tsaothair seo aon tuairim nó conclúid a chuirtear in iúl ann. Níl baint ar bith ag Parlaimint na hEorpa leis an ábhar eagarthóireachta arna fhoilsiú ag an tionscadal agus níl sí freagrach as. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach anseo.

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Your Voice
Readers Comments
34
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds