We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Paul Sharp SHARPPIX

Beidh fáilte roimh an Fháinne agus tús á chur ag Iarnród Éireann le turas nua Gaeilge

Deir breis is 50% freagróir ar shuirbhé nua go mbainfeadh siad úsáid as Gaeilge agus iad ag taisteal ar bhórd traein.

This story is produced by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.

BHAINFEADH BREIS IS 50% de phaisinéirí ar sheirbhísí traenach Iarnród Éireann úsáid as Gaeilge dá mbeadh a fhios acu go raibh Gaeilge ag oibrithe ar bord, tá sé le tugtha le fios i dtorthaí ar shuirbhé nua a tugadh chun solais inniu agus feachtas nua teanga á sheoladh.

De réir thorthaí an tsuirbhé ar líne a reáchtáil Iarnród Éireann in éineacht le Conradh na Gaeilge, deir breis is 70% den 7,100 a thug freagra go raibh tábhacht nó an-tábhacht ag baint le Gaeilge a labhairt agus iad ag taisteal ar an iarnród.

Agus dúirt freagróir as gach triúr, nó 36%, gur easpa deiseanna an bac ba mhó orthu an teanga a úsáid agus iad ag taisteal ar an traein.

Eisíodh torthaí an suirbhé agus feachtas nua, Fáinne ar Bórd, á sheoladh i mBaile Átha Cliath chun beartais an chomhlachta iompar an fhoireann a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid le paisinéirí a fhógairt.

Beidh sean aithne ar chainteoirí Gaeilge roimh an fháinne nó is suaitheantas beag ciorcalach é go bhfuil Gaeilge ag duine agus fonn í a labhairt.  

Tá suaitheantais éagsúla ann a oireann do gach leibhéal Gaeilge, an Fáinne Óir le haghaidh líofachta, an Fáinne Airgid le haghaidh cumas bunúsach comhrá, agus an suaitheantas Cúpla Focal dóibh siúd a bhfuil cúpla focal acu.

Tionscnamh nua é seo ina mbeidh baill fhoirne ar fud an ghréasáin iarnróid atá líofa nó a bhfuil cúpla focal acu ag caitheamh an Fháinne, an siombail aitheanta chun toilteanas Gaeilge a labhairt.

Beidh deis ag cainteoirí Gaeilge atá ag tabhairt a n-aghaidheanna ar Bhéal Feirste le haghaidh Oireachtas na Samhna, mór fhéile na nGael, a bheidh ag tosú i gceann coicise.

Cuirfear carráiste comhrá speisíalta ar fáil chun tosaigh sa traein agus beidh an turas saor in aisce do dhaoine a bheidh ag glacadh páirte i gcomórtais agus iad san a bheidh ag obair go deonach ag an fhéile. 

Mhínigh Erin Burns, oifigeach Gaeilge Iarnród Éireann, gurb é an teachtaireacht a bhain an chomhlacht as thorthai an tsuirbhé an dúil a raibh ag paisinéirí an Ghaeilge a úsáid. 

 Níl de dhíth orthu ach an deis agus an mhuinín chun é sin a dhéanamh. Trínár gcomhpháirtíochtaí le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas tá muid ag déanamh na Gaeilge níos feiceálaí, níos fáiltí agus níos inrochtana ar fud ár seirbhísí.

Mhínigh Burns go raibh súil ag Iarnród Éireann go spreagfadh na beartais éagsúla a bhí sa scéim na ”paisinéirí chun a gcúpla focal a úsáid agus ár gcomhtheanga a cheiliúradh mar chuid dá dturas laethúil”.

Tús le ré nua é seo idir Iarnród Éireann agus an Ghaeilge nó níl sé ró fhada ó shin ó bhí feachtas ann chun go mbeadh ainmneacha as Gaeilge na bpaisnéirí curtha in iúl go cruinn sna painéil ós cionn suíocháin atá curtha in áirithe.  Tá an fhadhb sin réitithe anois.

Dúirt Aodhán Ó Deá, stiurthóir forbartha Chonradh na Gaeilge, go raibh torthaí an tsuirbhé ina léiriú ar “fhíor dhíograis don Ghaeilge agus fonn soiléir  ar spásanna praiticiúla len í a úsáid”.

Is í Máirin Nic Donnchadha stiurthóir Oireachtas na Gaeilge agus bhí sise ag féachaint chun tosaigh le fonn go dtí an fhéile agus an chomhoibriú seo leis an gcóras iarnróid, ceangal a chuaigh siar breis is 100 bliain thug sí le fios. 

“Tá an comhoibriú idir Iarnród Éireann agus An tOireachtas fréamhaithe ag dul siar go dtí an chéad fhéile de chuid Oireachtas na Samhna a reáchtáladh in 1897, nuair a thairg an eagraíocht ticéid fillte do lucht na féile ar phraghas táille aontreo.”

 Cuirfear tús le hOireachtas na Samhna ar an gCéadaoin, 29 Deireadh Fómhair, i mBéal Feirste. Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhéile thar nais sa chathair ó 1997. Reachtáilfear comórtais amhránaíochta ar an sean nós, scéalaíocht, agallaimh beirte, lúibíní, amhráin nua-chumtha is go leor eile gan trácht ar seoltaí leabhair, seimineáir, céad léirithe scannáin agus eile thar an fhéile cúig lá. 

 Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
JournalTv
News in 60 seconds