Advertisement

We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Alamy Stock Photo
EU Explainer

Cad is grúpaí polaitiúla na hEorpa agus cén fáth go bhfuil siad tábhachtach?

Cé mhéad atá ar eolas agat faoin PPE? S&D? Faigh an t-eolas is déanaí sula gcaithfidh tú do vóta.
  • This article has been translated in Irish but if you’d like to read the English version you can do so here.

SEACHAS CRUINNIÚ MULLAIGH mór anois is arís, is annamh a chloisimid faoi ghrúpaí polaitiúla na Eorpa sna meáin Éireannacha

Is ionann grúpaí polaitiúla agus bealach Pharlaimint na hEorpa chun grúpaí polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla a chur le chéile in aon pháirtí mór amháin, a bhfuil a luachanna agus seasamh aonair ailínithe acu.

Tá na grúpaí seo tábhachtach le haghaidh feidmhniú ‘parliamint fheidhmiúil’ mar cuireann siad iallach ar na Feisirí teacht ar chomhaontú le polaiteoirí ar fud an speictrim pholaitiúil sa Bhruiséil, cé nach n-aontódh siad leo ar leibhéal náisiúnta, de ghnáth.

Cad is Grúpaí Polaitiúla Eorpacha iontu? Agus cad é an tábhacht a bhaineann leo roimh na chéad toghcháin Eorpacha eile i mí an Mheithimh?

Cén fáth a gcuirtear na polaiteoirí i ngrúpaí?

Nuair a thoghtar iad, téann na Feisirí isteach i gceann de na seacht ngrúpaparlaiminte a thagann le luachanna a bpáirtí baile agus lena gcuimsítear polaiteoiríar fud na mór-roinne a bhfuil an dearcadh céanna acu. Aicmítear iad siúd nach bhfuili ngrúpaí mar ‘neamhailínithe’.

Tá an próiseas cinnteoireachta níos éasca toisc go gcuirtear na páirtithe le chéile, nó chaithfí díospóireachtaí an-deacair agus fada a bheith ann sa Pharlaimint dá mbeadh gach páirtí le suí mar aonad.

Tá na grúpaí seo tábhachtach freisin d’fheidmiú na Parlaiminte toisc go gcuireann siad iallach ar grúpaí socruithe a dhéanamh eatarthu féin.

img2.thejournal Iar-Thaoiseach Leo Varadkar ag caint ag Comhdháil an PPE sa Bhúcairist, an Romáin an mhí seo caite. Grianghraf Stoic Alamy Grianghraf Stoic Alamy

Mhínigh Christy Anne Petit, Leas Stiúrthóir ar Institiúid Brexit Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – a dhéanann staidéar agus scrúdú ar pholasaí Eorpach i ndiaidh Brexit – cé go gcoimeádfaidh na polaiteoirí aonair a seasamh polaitiúil le linn tréimhsí cinnteoireachta, bunóidh na grúpaí a dtuairimí ar chomhluachanna.

“I ndlí na hEorpa, tarlaíonn a lán comhghuaillíochtaí,” arsa Petit.

“Ní hamháin gur grúpaí polaitiúla iad ach is grúpa de Bhallstáit iad freisin. Mar sin, beidh ar an FPE a lán obair a dhéanamh chun dul i gcomhairle le comhghleacaithe eile agus iad a thuiscint.”

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, is iad Sinn Féin, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas na páirtithe a bhfuil iarrthóirí acu i bParlaimint na hEorpa. Seasann Mick Wallace, Clare Daly agus Luke Ming Flanagan go léir mar iarrthóirí neamhspleácha.

(Míneoimid níos déanaí san alt na grúpaí a bhfuil siad go léir ina mbaill de.)

Cé hiad? Agus cad dó a sheasann siad?

Tá ocht ngrúpa parlaiminte éagsúla i bParlaimint na hEorpa.

Is é an Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpaan grúpa leis an dara líon is airde Feisirí. Is comhalta de S&D é Páirtí Lucht Oibre na hÉireann – ach níl aon suíochán ag an bpáirtí i bParliamint na hEorpa faoi láthair.

Is grúpa liobrálach é S&D agus áirítear i gcuid mhór dá mbeartais tuilleadh cearta d’oibrithe, ag bogadh chuig cleachtais ghnó trédhearcach agus ag déanamh iarracht
ceartas sóisialta a chruthú i mBallstáit na hEorpa.

Maidir le saincheisteanna reatha na hEorpa, tacaíonn an grúpa le méadú an Aontais,
seasann siad i gcónaí leis an Úcráin agus comhreachtóirí ab ea iad don Chomhshocrú
maidir le hImirce agus Tearmann.

Ina dhiaidh sin tá Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, grúpa coimeádach agus bog-Eoraisceipteach agus Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais, grúpa frith-inimirce, Eoraisceipteach agus atá i bhfad amach ar an eite dheis. Níl aon pháirtí polaitiúil príomhshrutha in Éirinn ina mbaill de cheachtar grúpa.

img2.thejournal Póstaer ó Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa ag lá oscailte Pharlaimint na hEorpa Mí Bealtaine seo caite. Grianghraf Stoic Alamy Grianghraf Stoic Alamy

Tacaíonn na grúpaí seo le rialacháin níos déine ag teorainneacha, tá siad in aghaidh mhéadú an Aontais agus bheadh go leor dá mbaill i bhfabhar go bhfágfadh a stáit an AE go hiomlán.

Tá 50 FPE ann freisin nach bhfuil ailínite faoi láthair, lena gciallaítear nach ball d’aon ghrúpa iad nó cuireadh amach iad as ceann amháin acu.

Mheasfaí go mbeadh a lán do na FPE neamhailínithe ar na himill pholaitiúla, amhail feisirí ó pháirtí Fidesz de chuid na hUngáire a cuireadh amach as Pháirtí an Phobail Eorpaigh iad mar gheall ar ghníomhartha ceannaire a bpáirtí Viktor Orban ina stát baile.

Is comhalta bunaidh é Fine Gael de Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), grúpa coimeádach atá ar dheis ón lár.

Is é an PPE an grúpa is mó sa Pharlaimint faoi láthair agus is iad a ionadaithe, Ursula von der Leyen agus Roberta Metsola, na ceannairí reatha an Choimisiún Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa faoi seach.

Cuireann an PPE leasuithe ar imirce chun cinn, amhail moladh ‘tríú tíortha’ an ghrúpa don Chomhaontú ar Imirce – rud a d’fhéadfadh a bheith cloiste agat le roinnt seachtainí anuas – ach níl siad ag cur in aghaidh mhéadú an Aontais.

Faoina huachtáranacht, d’oscail von der Leyen cainteanna ballraíochta le tíortha iomadúla, lena n-áirítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Úcráin agus an Mholdóiv.

Tá an PPE i bhfabhar slándáil an AE a mhéadú agus méad agus smacht ar an Margadh Aonair na hEorpa a neartú i ngach gné, amhail an Gníomh um Margaí.

Digiteacha a thabhairt isteach a bhfuil mar aidhm leis dlíthe nua diana a achtú ar fhorbróirí aipe.

Is comhalta é an Comhaontú Glas de Ghrúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí, páirtí glas agus réigiúnaíoch.

Díríonn an Chomhghuallaíocht Ghlas go leor dá n-aird ar reachtaíocht inbhuanaithe a dhéanamh chun beartas níos glaise a chur chun cinn sna Ballstáit agus ar an AE a dhéanamh mar áit níos cothroime le maireachtáil tríd an bpolataíocht.

img2.thejournal Feisirí na hÉireann de chuid na Comhghuallíochta Glaise Grace O’Sullivan (ar chlé) agus Ciarán Cuffe tar éis an dlí um athbhunú dúlra a ritheadh sa Pharlaimint an mhí seo caite. Ciarán Cuffe Ciarán Cuffe

Thacaigh na Glasaigh go mór leis an dlí conspóideach maidir le athbunú dúlra ach tá siad chun tosaigh freisin le reachtaíocht fhórasach chomhshaoil amhail an plean chun foirgnimh a athchóiriú d’fhonn a gcuid astaíochtaí a laghdú trí iad a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh.

Tacaíonn a chomhaltaí freisin le rolladh amach tapa agus comhlíonadh beart atá mar chuid de Chomhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil mar phlean aige astaíochtaí a laghdú
faoina leath i gceann trí bliana agus astaíochtaí glannialasacha a bhaint amach faoi 2050.

Tá Sinn Féin agus FPE neamhspleácha na hÉireann ailínithe le ‘Grúpa na Clé i bParlaimint na hEorpa’, grúpa sóisialach ar chlaonadh clé. Is é an grúpa is lú é i bhfoirmíocht Pharlaimint na hEorpa faoi láthair.

Díríonn Grúpa na Clé ar sé phríomhréimse: ceartas eacnamaíochta, gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne, cearta an duine a chosaint, ag cur in aghaidh coinbhleachtaí idirnáisiúnta agus seasamh le daonlathas agus an eitic.

Tá sé mar aidhm ag leor comhaltaí den Chlé na torthaí seo a bhaint amach trí bheartais shóisialacha ar chlaonadh clé. Meastar gur grúpa é an Clé atá ar an imeall é áfach, de réir Ian Cooper, taighdeoir polaitiúil ag an Institiúid Brexit.

Is é an fáth atá leis sin ná nach bhfuil go leor den ghrúpa go hiomlán ailínithe le chéile ó thaobh na hidé-eolaíochta de agus níl ach 37 FPE sa ghrúpa féin (níos lú comhaltaí ná sa ghrúpa neamhailínithe).

Tá Fianna Fáil ailínithe faoi láthair agus ina mball den Ghrúpa Renew (tugtar an t-ainm ALDE orthu freisin go minic) ar grúpa liobrálach agus ar son na hEorpa é.

Tá suim ar leith ag an nGrúpa i gcúrsaí feirmeoireachta agus iascaireachta agus tá siad ag obair le haghaidh struchtúir sláinte a leasú faoi láthair sna ballstáit. Cosúil leis an PPE, tá Renew i bhfabhar margadh aonair an AE a neartú agus a chosaint.

Tá seasamh láidir ag Renew go háirithe ar chosaint an daonlathais agus na saoirse. Mar shampla, thaistil roinnt Feisirí de chuid Renew le déanaí go dtí an Trasbhealach Rafah mar bhreathnóirí.

Cén fáth go bhfuil na grúpaí tábhachtach?

Cé nach ndéanann na grúpaí seo comhghuaillíochtaí laistigh den Pharlaimint, socraítear le suim a gcuid suíocháin an saghas tionchair atá acu i rith an téarma cúig bliana.

Dúirt John O’Brennan, ollamh ag Roinn na Socheolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad a bhfuil a chuid oibre dírithe ar instituidí agus ar pholaitíocht an Aontais Eorpaigh, lenár bpodchraoladh The Explainer an mhí seo go rialaítear le méid na ngrúpaí a dteidlíocht do phoist ar choistí tábhachtacha.

Tá sé seo tábhachtach mar, de réir O’Brennan, tarlaíonn “gnó fíorthábhachtach” Pharlaimint na hEorpa laistigh de na coistí sin.

Dá mhéad suíochán atá ag gach grúpa is féidir go mbeidh níos mó post acu mar phríomhidirbheartaithe le haghaidh dlíthe nua laistigh de gach coiste mar aon le poist níos fearr chun taidhleoireacht idirnáisiúnta a bhaint amach.

img2.thejournal Stáitse do dhíospóireachtaí Uachtáranachta an Choimisiúin Eorpaigh in 2019. Grianghraf Stoic Alamy Grianghraf Stoic Alamy

Is é freagracht na Parlaiminte freisin glacadh leis an ngrúpa nua de Choimisnéirí Eorpacha agus Uachtarán na parlaiminte a thoghadh. De ghnáth, cruthóidh na grúpaí a vótáil do na hiarrathóirí céanna comhpháirtíocht laistigh de théarma na parlaiminte.

Ní comhghuallíocht í an chomhpháirtíocht seo, ach spás idir grúpaí a chruthaíonn tacaíocht dhéthaobhach do phíosaí éagsúla reachtaíochta le linn na gcúig bliana a bhfuil a suíocháin acu.

Roimh na toghcháin i mí an Mheithimh, meastar go bhféadfadh aistriú mór a bheith ann go dtí an eite dheis nó chlé i go leor ballstát, agus meastar gur iarrthóirí pobalacha frith-Eorpacha is mó a gheobhaidh vótaí i naoi mballstát ar a laghad de chuid an AE, ó mhí Eanáir at aghaidh.

Is mó an seans go rachaidh na hiarrthóirí sin leis na grúpaí níos diongbháilte, radacacha – rud a chruthaíonn parlaimint níos polaraithe.

Cuireann an pointe seo le himní i measc roinnt tíortha go bhfágfar príomhcholúin Eorpacha, amhail an Comhaontú Glas, tacaíocht don Úcráin, agus leathnú an AE, ar deireadh nó go gcuirfear iad ar ceal i ndiaidh na dtoghchán atá le teacht.

Tá an saothar seo comhchistithe ag Journal Media agus ag clár deontais ó Pharlaimint na hEorpa. Is leis an údar féin aon tuairimí nó conclúidí a chuirtear in iúl sa saothar seo. Níl baint ar bith ag Parlaimint na hEorpa leis an ábhar eagarthóireachta arna fhoilsiú ag an tionscadal agus níl sí freagrach as. Le tuilleadh eolais a fháil, féach anseo.

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Your Voice
Readers Comments
20
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds